1916proclamation.jpg (72374 bytes)
- English -

Rialtas Sealadach
Phoblacht na hÉireann
do Mhuintir na hÉireann

A Fheara na hÉireann! A Mhná na hÉireann! In ainm Dé agus na marbhghlún a bhronn seanchuimhne na náisiúntachta uirthi, cuireann Éire, agus sinn thar a cionn, gairm slógaidh ar a clann teacht faoi scáth a brataí le buille a bhualadh ar son a saoirse.

I ndiaidh na tréimhse fada a d'fhan sí go ciúin ag faire ar a faill, agus í ag cruinniú a cuid fear le chéile lena n-oiliúint le haghaidh cogaíochta le cabhair óna rúnchumann réabhlóideach, Bráithreachas na Poblachta, chomh maith leis an dá chumann poiblí, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tá Éire ag tapú a deise anois. Nó tá sí ag ardú a láimhe le buille an bhua a thabhairt uaithi, agus í i muinín a cumhachta féin thar aon rud eile, siúd is go bhfuil sí
ag fáil cuidiú ó lucht na himirce thar sáile agus ó chomhghuaillithe cróga in Ilchríoch na hEorpa.

Dearbhaímid gur le muintir na hÉireann amháin a dtír féin agus a bhfuil de shaibhreas inti; agus gur fúthu féin amháin atá sé a dtírsean a rialú. I bhfad is mar atá Gaill i mbun na tíre, níor chuir a 
ngabháltas ceart na nGael ar ceal, agus ní chuirfidh, ach na Gaeil a chur de dhroim an tsaoil. 
Chruthaigh gach glúin de Ghaeil gurb iadsan fíor-thiarnaí na tíre, seachas aon duine eile, nó chuir siad cath sé huaire ar fad le trí chéad bliain anuas. Le ceart na hÉireann a éileamh thar cionn ár nglúine féin, gairimid anseo Poblacht agus Stát Neamhspleách d'Éirinn, agus sinn ag cur ár mbeo féin i ngeall le saoirse agus sonas a bhaint amach don tír agus í a ardú ar comhleibhéal le náisiúin an uile dhomhain.

Tá Poblacht seo na hÉireann ag iarraidh dílseacht achan duine de mhuintir na tíre anois, agus í ag 
gealladh go gcinnteoidh sí a gceart is cead a gcinn do gach dream creidimh nó saindúchais, chomh maith le leas cothrom gach duine is gach aicme sa Stát, beag beann ar na faltanais a chothaigh rialtas Gall eadrainn le mionlach againn a dhealú ón tromlach sna laethanta a bhí.

A fhad is nach dtig le muintir na hÉireann Rialtas dá gcuid féin a thoghadh is a chur ar bun, beidh an rialtas sealadach s'againne ag déanamh ár ndichill ag tabhairt aire do ghnáthchúrsaí rialaithe na tíre.

Guímid beannacht Dé sna Flaithis ar Phoblacht na hÉireann agus ar airm lucht a fuascailte, agus súil againn nach dtarrónfaidh aon duine acusan náire ar an chúis uasal frí chladharthacht, cruálacht ná amhasóireacht. Ar an lá ghlórmhar seo tá múineadh is dea-iompar de dhíth ar Chlanna Gael chomh maith le crógacht gaisce agus umhlacht anama, agus caithfidh achan duine againn bheith meáite ar chruatan a fhulaingt ar mhaithe leis an chuid eile mar chruthúnas air go bhfuilimid ar comhonóir leis an gcinniúint oirirc atá romhainn amach.

Tomás Ó Cléirigh

Tomás Mac Donnchadha, Éamonn Ceannt
Seán Mac Diarmada, Pádraic Mac Piarais
Séamas Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad

Irish History

The Irish Freedom Committee